Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Thug siad an tógáil chun críche de réir ordú Dhia Iosrael agus ordú Chíorais agus Dháire (agus Artaxarxaes rí na Peirse). Críochnaíodh an Teampall seo ar an tríú lá fichead de mhí Adár, sa séú bliain de réimeas Dháire rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do críochnuigheadh an tighse ar an treas lá don mhí Adar, noch do bhí annsa seiseadh blíadhain do ríghe Dhárius an rígh.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:15
15 Tagairtí Cros  

Ansin d'ofráil an rí agus Iosrael go léir íobairtí i bhfianaise an Tiarna.


Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.


Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.”


Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.


San ochtú mí den dara bliain de réimeas Dháire labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:


Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.


“Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí