Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annsin do rinne Dárius an rígh órdughadh, agus do rinneadh spíonadh a ttigh na rolladh, mar ar cuireadh na hionmhuis a ttaisgidh san Bhabilóin.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:1
16 Tagairtí Cros  

i dtreo go ndéanfar cuardach i gcartlann do shinsear, agus go bhfaighfear amach inti gur cathair cheannairce an chathair seo, cúis tranglaim do ríthe agus do chúigí, agus cúib ghoir chianaosta easumhlaíochta; dá bharrsan is ea a scriosadh an chathair seo.


agus go ndearnadh iniúchadh, de réir mar a d'ordaigh mé, go bhfuarthas amach go n‑éiríodh an chathair seo amach in aghaidh ríthe, agus go síoltaí ceannairc agus comhcheilg inti,


Déantar, dá bhrí sin, le cead an rí, cuardach i gcartlanna an rí sa Bhablóin, féachaint an fíor é gur eisíodh forógra ó Chíoras rí an Teampall seo Dé in Iarúsailéim a atógáil. Cuireadh an rí a thoil in iúl dúinn i dtaobh an ghnó seo.


Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.


Seo iad m'orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat.


Ba athair mé don bhochtán, Agus d'iniúch mé cúis an duine anaithnid.


Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d'oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;


Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe.


Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?


Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.


Agus ar dhearcadh uaim, féach, bhí lámh ansin ag síneadh i mo threo agus scrolla inti.


“A mhic an duine” ar sé, “ith mar a thairgtear duit, caith siar an scrolla seo agus imigh agus labhair le muintir Iosrael.”


Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí