Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 5:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Sé freagra a thug siad orainn: “Searbhóntaí do Dhia neimhe agus talún sinne; tá Teampall á atógáil againn a bhí ina sheasamh mórán blianta go dtí le déanaí; rí mór ar Iosrael a thóg agus a chríochnaigh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus is marso do fhreagradar sinn, gha radh, Is sinne serbhísigh Dé nimhe agus talmhan, agus atámuid ag cur súas an tighe do rinneadh mórán bliadhan ó shin, noch do rinne rígh mór Disrael agus do chúir súas é.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 5:11
17 Tagairtí Cros  

agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc


San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.


Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin,


D'fhiafraíomar díobh freisin cad ab ainm dóibh le go mbeadh a fhios agat; ar an tslí sin d'éirigh linn liosta a dhéanamh den mhuintir atá ag maoirseacht ar an muintir sin.


Inseoidh mé d'fhorálacha i láthair ríthe; ní bheidh cotadh ar bith orm.


Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas, óir maireann a bhuanghrá go brách.


“Eabhrach is ea mé,” an freagra a thug sé orthu, “agus is é an Tiarna, rí na bhflaitheas, an té a rinne an fharraige agus an talamh tirim, a adhraim.”


“Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair m'Athar atá ar neamh.


Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé;


Mar anocht féin sheas le mo thaobh aingeal ón Dia ar leis mé agus a bhfuilim ag seirbhís dó,


Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith,


Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n‑umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta.


Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom.


Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí