Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá - ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí - go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus gidh bé nach ttiucfadh fá cheann thrí lá do réir chomhairle na bprionsadh agus na sinnsior, go ttoigfidh a mhaóin uile, agus go ndeileochuidh é féin as comchruinniughadh na druinge rugadh ar siubhal.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 10:8
14 Tagairtí Cros  

Eisíodh fógra in Iúdá agus in Iarúsailéim do na deoraithe go léir a d'fhill, á rá leo cruinniú le chéile in Iarúsailéim,


Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí.


Má dhiúltaíonn aon duine do dhlí do Dhé - agus is é sin leis dlí an rí - cuirtear an daorbhreith i bhfeidhm air go dian - bás nó ionnarbadh, gabháil maoine nó carcair.


Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.


A luaithe a chuala an pobal an dlí, dheighil siad gach aon duine de phór deoranta ó Iosrael.


Aon ní a leagann duine faoi bhang don Tiarna, ní féidir é a dhíol ná é a fhuascailt - aon chuid dá shealúchas, duine nó ainmhí, nó gort dá oidhreacht. Aon rud a chuirtear faoi bhang, is rud sárnaofa é agus baineann sé leis an Tiarna.


ach mura n‑éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d'fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.


Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t‑am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.


Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d'admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.


D'fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.


Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”


An t‑airgead agus an t‑ór go léir, na gréithe cré-umha agus iarainn go léir, tá siad tíolactha don Tiarna agus ní foláir iad a chur i gciste an Tiarna.”


Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.


Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: “An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!” Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach d'aonbhuíon.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí