Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 10:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Thug siad a mbriathar gill go gcuirfidís a mná ar shiúl agus d'ofráil siad reithe mar íobairt pheaca mar leorghníomh ina gciontacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus thugadar a lámha go ccuirfidís a mná úatha; agus íar mbeith ciontach, dofráladar reithe don tréud ar son a bpeacuidh.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 10:19
9 Tagairtí Cros  

D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.


Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí.


Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.


Ar chlann mhac Iméir: Hanáiní agus Zabaidiá;


Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh, chun ár ndóthain bia a fháil.


má pheacaíonn sé agus go mbíonn sé ciontach dá réir sin, ní foláir dó gach ar thóg sé nó ar éiligh sé sa bhreis a chúiteamh: an geall a fágadh aige an mhaoin chaillte a fuair sé,


Tugadh sé chun an tsagairt mar íobairt don Tiarna, reithe gan mháchail ón tréad, arna mheas agat de réir tháille an íobairt chúitimh.


Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí