Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 7:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d'fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus do rinneadar dráoithe na Hégipte sin lé na ndroigheachduibh; agus do cruáidheadh croidhe Phárao, agus níor umhluigh sé dhóibh; fá mar a dubhairt an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 7:22
8 Tagairtí Cros  

Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d'inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d'fhéadfadh é a mhiniú d'Fhorann.


Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.


Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.


Fuair an t‑iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir.


D'fhill Forann agus d'imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo.


Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim.


Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí