Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 40:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Ar an gcéad lá den chéad mhí,” ar sé, “déanfaidh tú taibearnacal Bhoth na Teagmhála a thógáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ar an gcéád lá don chéid mhí chuirfeas tu súas tabernacuil loistín an chomhchruinnigh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 40:2
21 Tagairtí Cros  

Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé Iosrael amach go dtí an lá inniu, ach ag gabháil ó bhoth go both, ó dhíon go díon.


Sa chéad bhliain dá réimeas, sa chéad mhí, d'oscail sé doirse Theampall an Tiarna agus dheisigh iad.


Inniu, ar an lá seo i mí Áibíb, tá sibh ag cur chun bóthair.


Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái.


“Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.


Tógfaidh tú an taibearnacal de réir an phatrúin de a taispeánadh duit ar an sliabh.”


“Déanfaidh tú brait d'fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; aon bhrat déag a dhéanfaidh tú.


Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”


Meil cuid di go mín mín agus cuir cuid di seo os comhair na Fianaise i mBoth na Teagmhala, mar a dteagmhóidh mé leat; beidh sí sárnaofa agaibh.


an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa,


Rinne sé leathchéad nasc cré-umha chun an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.


Labhair an Tiarna le Maois:


Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála


Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ar an gcéad lá den chéad mhí glacfaidh tú tarbh óg gan smál agus glanfaidh tú an sanctóir.


Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:


An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige


Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái an chéad mhí den dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:


An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí