Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 4:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 “Mura gcreidfidh siad thú,” arsa an Tiarna, “ná geilleadh don chéad chomhartha géillfidh siad don dara ceann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus tiucfa a gcrích, muna ccreidid síad thú, agus nach tiubhruid éisdeachd do ghuth an chéadchomhartha, go gcreidfid síad guth an chomhartha dheighionuigh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:8
10 Tagairtí Cros  

Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”


Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.


Agus d'inis Maois d'Árón a ndúirt an Tiarna leis agus é a sheoladh uaidh agus na comharthaí go léir a d'ordaigh sé dó a dhéanamh.


“Cuir do lámh ar ais i do bhrollach,” ar sé. Agus chuir sé a lámh ar ais ina bhrollach agus nuair a tharraing sé amach í, b'shiúd í slán arís mar an chuid eile dá chneas.


Ach mura ngéillfidh siad do cheachtar den dá chomhartha, ná eisteacht le do ghlór, ní foláir duit taoscán uisce a thógáil on Níl agus é chaitheamh ar an talamh tirim; agus an t‑uisce a thógfaidh tú ón Níl, déanfar fuil de ar an talamh tirim.”


Níl aige ach: ‘Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd.’ ”


Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann -


Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).


“Má fuair mé gean uait,” arsa Gideón leis, “tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí