Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 4:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh - “i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Ar choir go gcreidfidis gur fhoillsigh an TIGHEARNA Día a nathar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob é fein duit.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:5
27 Tagairtí Cros  

Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.


Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,


Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.


Thaispeáin an Tiarna é féin dó agus dúirt: “Ná téigh síos go dtí an Éigipt ach fan sa tír a inseoidh mé duit.


Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: “Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d'athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.


Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá: “Dia ar shiúil m'aithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc, Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo,


Agus dúirt Iacób le Iósaef: “Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm


Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: “A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,” ar seisean, “tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse.


D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).


Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”


“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;


Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’


Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: “A Mhaois, a Mhaois!” “Anseo dom,” ar sé.


“Is mise,” ar sé ansin, “Dia d'athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.” Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia.


Ansin dúirt Maois: “Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n‑éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: ‘Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit’?”


Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.


“Cuir do lámh amach,” arsa an Tiarna leis, “agus beir ar eireaball uirthi” -


is í an tSamáir ceann Eafráim, agus mac Ramailiá ceann na Samáire. Ach mura seasann sibhse liomsa, níl seasamh i ndán daoibh.’ ”


Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin: ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.


agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”


bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”


Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”


Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.


Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.


“A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n‑athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran


Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí