Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 4:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 “Ach, a Thiarna liom,” arsa Maois leis an Tiarna, “ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a dubhairt Maoisi ris anTTIGHEARNA O mo THIGHEARNA ní bhfuilimsi deaghlabhartha, ná roimhe só, ná ó labhair tusa réd sherbhiseach: Achd atáim mall a ccomhrádh, agus mall a dteanguidh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:10
11 Tagairtí Cros  

Sibhse gan amhras lucht na tuisceana, Agus gheobhaidh an eagna bás libhse!


Dúirt Maois le Dia: “Cé hé mise a rá is go rachainn ag triall ar Fhorann agus clann Iosrael a thabhairt ón Éigipt amach?”


Ansin dúirt Maois: “Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n‑éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: ‘Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit’?”


Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: “Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?”


Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: “Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n‑éisteodh Forann liomsa?”


Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”


Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.


Múineadh eagna uile na nÉigipteach dó agus is é a bhí cumasach i mbriathar agus i ngníomh.


“Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.”


Más tuata féin ar urlabhra mé, ní aon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí