Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 38:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Rinne sé altóir an uileloiscthe d'adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do rinne sé altóir na nofráladh loisge do chrann Sitim: cúig cubhad a faide, agus cúig cubhaid a leithead; do bhi sí ceathaírbeanach: agus trí cubhad a hairde.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 38:1
19 Tagairtí Cros  

An altóir chré-umha a rinne Bazalael mac Úirí mac Húr, bhí sí ansiúd os comhair thaibearnacal an Tiarna. Chuaigh Solamh agus a chomhthionól ansiúd.


Rinne sé altóir chré-umha, fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus deich mbanlámh ar airde.


agus craicne leasaithe reithe, agus craicne gabhair, agus adhmad sitím,


Labhair an Tiarna le Maois agus is é a dúirt:


agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t‑umar gona bhonn,


Rinne sé beanna dá ceithre cúinní; bhí a beanna d'aon phíosa léi, agus chumhdaigh sé í de chré-umha.


Chuir sé suas altóir an uileloiscthe ag doras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála, agus d'ofráil sé uirthi an ofráil loiscthe agus an abhlann, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála


Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.


Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.


Tá altóir againne nach ceadmhach do lucht freastail an Teampaill ithe di.


Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.


Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.


Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.


agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.


Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí