Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 34:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt an Tiarna le Maois: “Gearr anuas dhá leac cosúil leis na chéad chinn [agus tar aníos chugamsa ar an sliabh], agus déanfaidh mé na focail a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maoise, Snoigh dhuit féin dá chlár chloiche már na céad chláir: agus scriobhtha misi ar na cláruibhsin na bríathra do bhí ann sna céadchláruibh, do bhris tusa.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 34:1
11 Tagairtí Cros  

Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna, chomh daingean le neamh.


Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.”


Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.


Obair Dé na leaca agus scríobh Dé an scríbhinn orthu agus í greanta ar na leaca.


Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.


D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.


Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó.


Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.


Nocht an Tiarna a chonradh daoibh, agus d'ordaigh daoibh é choimeád - na Deich nAitheanta, is é sin, a scríobh sé ar dhá chlár cloiche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí