Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 33:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt an Tiarna le Maois: “Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d'Abrahám, d'Íosác agus do Iacób leis na focail: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Gluáis agus éirigh súas as so, thusa agus an pobál thug tú leachd a mach as crích na Hégipte, don tír do mionnuigh misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, dhá rádh, Dot shíol do bhéura mé é:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 33:1
18 Tagairtí Cros  

Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.


Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,


Bhí gorta sa tír - ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám - agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach.


Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.


D'fhág Iacób Béar Seaba agus thug aghaidh ar Hárán.


Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”


Ach bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?” ar siad. “An d'fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?”


Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”


Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”


Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.


Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.


An mise a ghin an mhuintir seo go léir? An mise a thug ar an saol iad a rá is go ndéarfá liom: ‘Beir leat i d'ucht iad mar a dhéanfadh buime le leanbh cíche - chun na tíre a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha’?


Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain.


Sin é an tír a fhágaim fúibh; téigí isteach agus gabhaigí seilbh ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha, d'Abrahám, d'Iosác agus do Iacób agus dá sliocht dá n‑éis.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí