Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 32:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 D'fhreagair Árón: “Bainigí,” ar sé leo, “na fáinní óir de chluasa bhur mban, agus bhur mac, agus bhur n‑iníonacha, agus tugaigí chugam iad.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dubhairt Aáron riú, Brisigh na clúasfháinnidhe óir, atá ar chlúasuibh bhur mban, agus bhur mac, agus bhur ninghean, agus tugaidh chugamsa íad.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 32:2
13 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.


Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.


Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin.


Agus bhaineadar go léir a bhfáinní óir dá gcluasa agus thugadar go hÁrón iad.


Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:


Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.


bráisléid, caillí, filléid,


Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; “Gread leat!” a déarfaidh tú leo.


Ghlac tú fosta na seoda gleoite óir agus airgid a bhronn mise ort; rinne tú íomhánna daonna leo ionas go meirdreofá ina gcuideachta.


Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha, agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí