Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 28:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a síad só na héaduighe do dhéanuid; uchdéideadh, agus ephod, agus róba, agus cóta bróidinealta, agus miochd agus crios: agus do dhéanuid éaduighe náomhtha mar so do Aáron do dhearbhraithir, agus da mhacaibh, iondus do bhféadaigh miniostralachd do dhéanamh dhámhsa a noifig an tsagairt.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 28:4
20 Tagairtí Cros  

Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige.


agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach.


Cuirfidh tú an cheannbheart ar a cheann, agus an choróin naofa ar an gceannbheart.


agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas,


Is í an chóir bréid cheangail a choime, agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.


Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireach agus clogad an tslánaithe ar a cheann. Chuir sé éadach an díoltais uime ina léine agus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca.


Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.


Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n‑ucht


Ach ós den lá sinne, fanaimis ar ár gciall; cuirimis umainn an creideamh agus an grá mar lúireach agus dóchas ár slánaithe mar chafarr.


Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m'fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n‑each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.


Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill.


Ansin dúirt an rí le Doéig: “Ar aghaidh leat agus imir faobhar ar na sagairt.” Agus ar aghaidh le Doéig an tEadómach agus d'imir sé faobhar ar na sagairt, agus mharaigh sé cúigear agus ceithre fichid díobh siúd a chaith an t‑éafód lín an lá sin.


Nuair a theith Aibíátár mac Aichímeilic go dtí Dáiví, tháinig sé síos go Ceíleá agus éafód ina ghlac.


Dúirt Dáiví le hAibíátár mac Aichímeilic an sagart: “Tabhair chugam an t‑éafód”; agus thug Aibíátár an t‑éafód go Dáiví.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí