Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 27:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 A ttabernacuil an chomhchruinighe táobh amuigh don fholach, noch atá, as coinne na fiadhnuisi, oirdeochuid Aáron agus a mhic é ó thrathnóna go maidin a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA: biáidh so na statúid go bráth da ngeinealachuibh, do tháoibh chloinne Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 27:21
44 Tagairtí Cros  

Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.


Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.


Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.


Amhrán Oilithreach. 1 Téanaigí agus molaigí an Tiarna, a sheirbhíseacha uile an Tiarna a bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna, i gcúirteanna theach ár nDé.


Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.


Rinne Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus chuir sé os comhair na Fianaise é le coimeád.


Cuirfidh tú isteach san áirc an Fhianaise a thabharfaidh mé duit.


Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh.”


Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n‑íobairtí síochána; is é a n‑ofráil don Tiarna é.”


Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.”


Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt.


Déanfaidh siad a lámha agus a gcosa a ionladh le heagla an bháis; beidh sé sin mar reacht acu go brách, ag Árón agus ag a shliocht ó ghlúin go glúin.”


Meil cuid di go mín mín agus cuir cuid di seo os comhair na Fianaise i mBoth na Teagmhala, mar a dteagmhóidh mé leat; beidh sí sárnaofa agaibh.


Agus idir dhá sholas tráthnóna nuair a chuirfidh Árón na lampaí suas ar ais, loiscfidh sé arís í; ní foláir na hofrálacha túise seo a loscadh i láthair an Tiarna ó ghlúin go glúin go brách.


Cuir ann áirc na Fianaise, agus folaigh an áirc leis an bhfial.


“Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.


Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Ná déanfaidis a n‑íobairtí a ofráil a thuilleadh do na saitirí dá ndearnadar striapachas tráth. Dlí síoraí é seo acu féin agus ag a sliocht ó ghlúin go glúin.


Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.


Bíodh comhthionól agaibh an lá céanna sin, comhthionól naofa; ní dhéanfaidh sibh aon saothar trom. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht, cibé áit ina mbeidh cónaí oraibh.


“Ordaigh do chlann Iosrael ola ghlan ológ a thabhairt chugat don lóchrann chun go mbeadh solas ar lasadh ann i gconaí.


Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht.


Bainidís le hÁrón agus lena chlann mhac agus ithidís iad in áit naofa, óir is roinn shárnaofa aige iad d'íobairtí dóite an Tiarna, dleacht síoraí.”


Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”


Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón an fhuil ar imill na haltóra.


Tógadh sé dorn de phlúr mín na habhlainne - leis an ola agus an túis a cuireadh léi - agus dódh sé an chuid chuimhnithe seo ar an altóir mar bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.


D'ordaigh an Tiarna clann Iosrael á thabhairt sin dóibh an lá a ungtar iad; reacht síoraí é seo dá sliocht ó ghlúin go glúin.


Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.


Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael.


Bígí féin i bhfeighil an tsanctóra agus i bhfeighil na haltóra, agus ní thiocfaidh an cuthach go deo arís sa mhullach ar chlann Iosrael.


“Bíodh seo ina dhlí síoraí acu: an té a chroitheann uisce na neamhghlaine, níodh sé a chuid éadaigh, agus an té a bhainfidh le huisce na neamhghlaine, bíodh sé neamhghlan go nóin.


Bíodh feidhm dlí agus reachta ag na treoracha sin agaibhse agus ag bhur sliocht cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh,


Ansin tabhair na Léivítigh os comhair Bhoth na Teagmhála, agus gair le chéile comhthionól uile chlann Iosrael.


an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór, an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d'éirigh solas chucu.”


“Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh,


Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.


An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.


Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n‑éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:


Ní raibh lóchrann Dé imithe as fós, agus bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé.


Ón lá sin amach rinne sé reacht agus dlí de sin in Iosrael, rud atá i bhfeidhm go dtí inniu féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí