Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 26:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 déanfaidh tú daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí mar seo: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir, agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir mar an gcéanna;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus do dhéana tú ceathrachad soicéad dairgead fáoi an fhichid bórd; dhá shoicéad fáoi bhórd díobh da dhá láimh, agus dá shoicéad fáoi bhórd eile da dhá láimh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 26:19
14 Tagairtí Cros  

Beidh dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; déanfaidh tú amhlaidh do gach fráma den taibearnacal.


Déanfaidh tú frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas agus a n‑aghaidh ar an deisceart;


don taobh eile den taibearnacal, an taobh thuaidh, fiche frama


Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid - dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.”


Agus déanfaidh tú cúig pollaí sitím don scáthlán, agus cumhdóidh tú iad le hór, agus beidh naisc óir orthu; déanfaidh tú cúig ceapa cré-umha a theilgean dóibh.”


Beidh a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach beidh a naisc agus a mbataí d'airgead.


Caitheadh an céad tallann airgid ag déanamh na gceap don sanctóir agus don fhial; céad ceap as an gcéad tallann, nó tallann an ceap.


Maois a thóg an taibearnacal, a leag a cheapa, a chuir suas a fhrámaí, agus a d'ardaigh a phollaí.


Galláin mharmair a chosa ar fhothaí óir ag seasamh. Cosúil é leis an Liobáin, togha na gcrann céadrais.


Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí