Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 24:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Tárr chugamsa suas ar a tslíabh, agus bí ann sin: agus do bhéura misi claír chloiche dhuit, agus dligheadh, agus aitheanta do scriobh mé: ionnus go múinfe tusa dhóibh iád.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 24:12
21 Tagairtí Cros  

Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.


Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc d'Iosrael.


Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái, Agus labhair tú leo ó na flaithis. Thug tú dóibh treoracha córa, Dlíthe cinnte, Reachtanna agus aitheanta maithe.


Thug tú eolas dóibh ar do shabóid naofa; Shocraigh tú aitheanta (agus reachtanna) agus dlí dóibh, Trí Mhaois do shearbhónta.


Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.


Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:


Ansin ghabh Maois faoin sliabh suas agus chlúdaigh an néal an sliabh.


Isteach i gceartlár an néil le Maois. Ghabh Maois an sliabh suas agus d'fhan ann daichead lá agus daichead oíche.


Maois amháin a thiocfaidh i gcóngar an Tiarna, agus ní thiocfaidh an chuid eile, agus ní thiocfaidh an pobal aníos fairis.”


Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.


Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”


Dúirt an Tiarna le Maois: “Gearr anuas dhá leac cosúil leis na chéad chinn [agus tar aníos chugamsa ar an sliabh], agus déanfaidh mé na focail a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh orthu.


Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas.


Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.


An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,


D'ordaigh an Tiarna dom an uair sin dlíthe agus reachtanna a theagasc daoibh, a leanfadh sibh sa tír a bhfuil sibh le dul anonn á shealbhú.


“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.


Ach fansa anseo i do sheasamh taobh liom, agus inseoidh mé duit na haitheanta go léir agus na dlíthe agus na reachtanna go léir atá le teagasc agat dóibh, agus atá le comhlíonadh acu sa tír atá á thabhairt agam ina seilbh.’


Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí