Eaxodus 22:9 - An Bíobla Naofa 19819 Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Ar son a nuile ghné sháruighthe, ar son a daimh, nó ar son a assaíl, ar son cáorach, ar son éaduigh, nó ar son áoin ghné neithe théid a mugha, noch agrus neach eile, is leis fein, tiucfa cúis an dá rann a lathair na mbreitheamhan, gidh bé dháorfuid na breitheamhuin, íocfa sé dúbalta ré na chomharsain. Féach an chaibidil |
Cibé aighneas a chuirfear faoi bhur mbráid ó bhur mbráithre atá ag cur fúthu ina gcathracha - is cuma an ceist faoi éiric fola é nó faoin dlí, nó faoi aithne nó ordú, nó reacht - ní foláir daoibh iad a theagasc sna cúrsaí sin i dtreo nach mbeidh siad ciontach i láthair an Tiarna, agus nach dtiocfaidh a fhearg oraibh féin agus ar bhur mbráithre. Déanaigí amhlaidh agus ní bheidh sibh ciontach.
Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir.