Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 20:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin ná do mhac, ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Ach sé an seachdmhadh lá sábóid an TIGHEARNA do Dhía: ní dhéana tú obair ar bith ann, tú feín, nó do mhac, nó hinghean, hóglach, nó do bhanoglach, no táirnéis, nó do choimhightheach atá táobh a stigh dot dhoirsibh:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 20:10
16 Tagairtí Cros  

De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n‑iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n‑iníonacha mar mhná dár mic.


Baileoidh sibh é sé lá, ach ar an seachtú lá, an tsabóid, ní bheidh sé ann.”


“Labhair le clann Iosrael agus abair: ‘Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh.


“Ar feadh sé lá déanfaidh tú saothar, ach ar an seachtú lá scoirfidh tú ó obair; fiú i séasúr an treafa agus an fhómhair déanfaidh tú sin.


Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é.


Cibé fear de mhuintir Iosrael - nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael - a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.


Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo.


Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí