Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 2:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 D'oscail, d'fhéach, agus chonaic an leanbh fir, agus bhí an leanbh ag gol; bhí trua aici dó agus dúirt: “Leanbh le duine de na hEabhraigh é seo!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a nuáir do osguil sí í, do chonnairc sí an leanamh: agus, féach, do ghuil an náoidhean. Agus do bhí trúaighe aice dhó, agus a dubhairt sí, Is aón do chloinn na Neabhruidheach so.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 2:6
10 Tagairtí Cros  

tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh (agus éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo).


A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.


agus fuair sé trócaire dóibh ó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.


Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”


Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n‑eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air.


Ansin dúirt a dheirfiúr le hiníon Fhorainn: “An rachaidh mé agus buime a ghairm ó i measc na mban Eabhrach chun an leanbh a oiliúint duit?”


Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.


go ligfeadh gach uile dhuine a sclabhaithe uaidh, idir fhir agus mhná, má ba Eabhraigh iad, ionas nach gcoinneodh Giúdach ar bith a dheartháir i ndaoirse.


ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fhorainn é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é.


Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí