Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 2:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air, “mar,” ar sé, “is deoraí (gér) mé i dtír iasachta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus rug sí mac dhó, agus tug Gersom dainm air; óir ar seision, Do bhí mé am choigcríoch a ttír choigrích.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 2:22
15 Tagairtí Cros  

“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”


Ag dul ó chine go cine, Ó ríocht anseo go pobal ansiúd,


Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.


Táim i mo dheoraí ar talamh; ná ceil orm d'aitheanta.


An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála.


Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”


Ná ciap baintreach ná dílleachta.


Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.


Ná díoltar an talamh amach go deo, óir is liomsa an talamh agus níl ionaibhse ach lucht deoraíochta agus aíochta agamsa.


Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac.


Chuir muintir Dhán an íomhá ghreanta suas dóibh féin. Bhí Iónátán mac Ghéirseom mac Mhaois agus a chlann mhac ina sagairt ag treibh Dhán go dtí an lá inar tugadh pobal na tíre ar deoraíocht.


Ghabh sí gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air, toisc, ar sí “gur iarr mé ar an Tiarna é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí