Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 17:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Féuch, seasfa misi, romhad ann sin ar an gcarruig ann Hóreb; agus buáilfe tusa an charrag, agus tiucfaidh uisge amach aiste, da nibhidh an pobal: agus do rinne Maóise sin a lathair shinnsear Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 17:6
24 Tagairtí Cros  

Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh. Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart. D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach, Agus seilbh a thógail ar an talamh A mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.


Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda; agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.


a chlaochlaigh an charraig ina linn, agus an aill ina foinse uisce.


fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh 's ag fiuchadh, agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta. [Tá Tiarna na Slua inar bhfochair: is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah


Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl; is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.


chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí; d'iarr siad bia air d'fhonn a mianta a shásamh.


Is fíor nuair a bhuail sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte; ach an féidir dó arán a thabhairt dúinn nó feoil a sholáthar dá phobal?”


Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé: “Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.


Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.


Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.


Ní raibh tart orthu agus iad á gcinnireacht tríd an bhfásach aige; chuir sé uisce ag scairdeadh as an gcarraig dóibh, scoilt sé an charraig agus bhrúcht an t‑uisce amach aisti.


“Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.”


D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”


Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”


agus d'ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí á leanúint - agus ba é Críost an charraig sin.


Tá aistear aon lá dhéag ó Horaeb go Cáidéis Bairnéa ar bhealach Shliabh Shaeír.)


a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo;


Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí