Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 17:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus tárla, a nuáir do chonnuimh Maóise a lámh súas, go rug Israel buáidh; agus a nuáir do léig a lámh síos, do rug Amalec buaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 17:11
8 Tagairtí Cros  

Is tríotsa a chloíomar ár naimhde gur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d'ainm.


Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?


Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic.


Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.


Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:


Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.


Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.


Níor tharraing Iósua ar ais an lámh lenar shín sé an ga nó gur scrios sé lucht Háí go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí