Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do ghluáiseadar ó Elim, agus táinic comhchruinneaghadh chloinne Israel uile go fásach Sin, noch atá idir Elim agus Sínai, an cúigeadh lá déug don dara mhí, tar éis a tteachd as crích na Hégipte.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 16:1
7 Tagairtí Cros  

Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.


Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.


Thángadar dá bhrí sin go hÉilím mar a raibh dhá thobar déag fíoruisce agus seachtó crann pailme agus shuíodar a gcampa láimh leis.


Bhog comhthionól uile chlann Iosrael leo ar aghaidh óna gcampa i bhfásach Shín, céim ar chéim de réir mar d'ordaigh an Tiarna; shuíodar a gcampa i Reifídím, áit nach raibh aon uisce le hól ag an bpobal.


Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí