Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 14:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ‘Lig dúinn,’ a dúramar, ‘seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b'fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Nach é so an focal do innseamar dhuit sa Négipt, ag rádh, Léig dhuinn serbhís a dhéanamh do na Hégiptibh? Oir do bfearr dhúinne serbhís do dhéanamh do na Hégiptibh, ná bás dfagháil san bhfasch.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 14:12
11 Tagairtí Cros  

Níor thug ár n‑aithreacha san Éigipt aon aird ar bith ar d'éachtaí. Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá; thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.


“Nuair a lig Forann do chlann Iosrael imeacht, níor sheol Dia iad ar an mbóthar trí thír na bhFilistíneach, cé gur chóngar é, ‘le heagla,’ a dúirt Dia, “go dteipfeadh an misneach ar an bpobal nuair a d'fheicfidís cogadh rompu, agus go bhfillfidís ar an Éigipt.”


Anois tá scread chlann Iosrael tagtha chugam agus chonaic mé an leatrom a imríonn na hÉigiptigh orthu.


agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.”


Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.


Comhpháirtí íol is ea Eafráim.


Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”


agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí