Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 14:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Agus Forann ag druidim leo d'fhéach clann Iosrael ina dtimpeall, agus b'shiúd na hÉigiptigh sa tóir orthu! Tháinig scéin orthu, agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a nuair tháinic Phárao láimh ríu, do thógbhadar clann Israel a suile súas, agus féuch, do shineadur ua Hégiptigh na ndiáigh, agus do bhádursan lan deagla: agus do éimhgheadur clann Israel ar anTTIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 14:10
23 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n‑ionsaí air,


Chonaic tú cruachás ár sinsir san Éigipt; Chuala tú a nglao le hais Mhuir na nGiolcach;


Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh, nuair a chuala sé a nglao.


Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar, agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.


Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.


Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.


Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna n‑anacraí,


Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc d'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.


An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia.


Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé: “Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.


“Nuair a lig Forann do chlann Iosrael imeacht, níor sheol Dia iad ar an mbóthar trí thír na bhFilistíneach, cé gur chóngar é, ‘le heagla,’ a dúirt Dia, “go dteipfeadh an misneach ar an bpobal nuair a d'fheicfidís cogadh rompu, agus go bhfillfidís ar an Éigipt.”


Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d'éirigh sé milis. Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh; ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.


A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.


Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.


Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.”


“Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.


Thug mé bhur n‑aithreacha amach as an Éigipt agus tháinig sibhse chun na Farraige; chuaigh na hÉigiptigh sa tóir ar bhur n‑aithreacha le carbaid agus le marcshlua nó gur shroicheadar Muir na nGiolcach.


Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad.


Ní bhaineann eagla le grá, ach ruaigeann an grá foirfe an eagla amach; ionann a bheith eaglach agus a bheith ag súil le pionós agus an té a bhfuil eagla air ní lánfhoirfe a ghrá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí