Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 12:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Ghairm Maois chuige seanóirí Iosrael go léir agus dúirt leo: “Seo libh agus tógaigí uain ón tréad daoibh féin de réir bhur líon tí agus maraígí an t‑uan Cásca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Ann sin do ghoir Maóisi ar uile shinnsear Israel, agus a dubhairt ríu, Tigidh amach, agus glacuidh chuguibh úan do réir bhur muinntire, agus marbhuidh an casg.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 12:21
18 Tagairtí Cros  

Thug an rí an t‑ordú seo don phobal go léir: “Ceiliúraigí Cáisc in onóir an Tiarna bhur nDia, mar atá scríofa i leabhar an chonartha.”


Bhí na sagairt agus na Léivítigh tar éis iad féin a íonghlanadh in éineacht; bhí siad uile glan agus mharaigh siad an t‑uan Cásca thar ceann na ndeoraithe go léir a d'fhill, thar ceann a mbráithre na sagairt agus thar a gceann féin.


Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.


Níl cead agaibh aon arán ina bhfuil gabháile a ithe; cibé áit ina mbíonn sibh, caithfidh sibh arán slim a ithe.”


Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí: Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat.


D'imigh Maois leis ansin agus ghair chuige seanóirí an phobail agus chuir faoina mbráid na briathra sin go léir a d'ordaigh an Tiarna dó.


“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;


Dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.


agus d'ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí á leanúint - agus ba é Críost an charraig sin.


Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.


Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí