Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 11:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do ghebha céidghin gach áonduine ar feadh na Hégipte bás, ó chéidghin Phárao noch shuidheas ann a chathaoir ríogha, go céidghin an chailín tserbhíse atá ar chúl an mhuilinn; agus ceidghin a nuile bheathach.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 11:5
13 Tagairtí Cros  

Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann, céadtoradh a nirt go léir.


Bhuail sé céadghin na hÉigipte, idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.


Bhuail sé céadghin na nÉigipteach, óir maireann a bhuanghrá go brách.


Bhuail sé gach céadghin san Éigipt; céadthoradh a nirt i gcampa Hám.


Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna!


I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.


óir nuair a dhiultaigh Forann le barr ceanndáine ligean dúinn imeacht, mharaigh an Tiarna gach céadghin i gcríocha na hÉigipte, idir chéadghin an duine agus chéadghin an ainmhí. Uime sin íobraím don Tiarna gach fireannach a chéadosclaíonn broinn; ach gach céadghin mhic liom, fuasclaím é.’


Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”


Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha.


Bíonn na hógfhir ag oibriú na bró agus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid.


beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.


Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.


Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí