Eaxodus 10:19 - An Bíobla Naofa 198119 Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Agus do iompóidh an TIGHEARNA gáoth ro láidir a níar, noch rug lé na locuistigh, agus do theilg san mhuir ruáidh íad: nior fhan éanlócust amháin a gcrích na Hégipte uíle. Féach an chaibidil |