Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eabhraigh 7:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shailéim,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus ar roinn Abracham an deichiú cuid den uile ní leis. Má aistrítear a ainmneacha, is é rí na fíréantachta é, sa chéad áit, agus ina dhiaidh sin is é rí Shalem, is é sin, rí na síochána é freisin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus thug beannacht dó, d’á dtug Abracham an deachmhadh cuid de’n uile nidh (ar mbeith dhó, ar n‐a mhíniú, Rí na fíréantachta, agus Rí Shálem,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus tug Abraham deachmhuigh na nuile neitheann dó; noch dá ngoirthear ar tús ar na eidirmhíniughadh Rí na fíréuntachda, agus na dhiáigh sin mar an gcéudna, Rí Shálem, eadhon, Rí na siothchána;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shálaem,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 7:2
26 Tagairtí Cros  

agus an chloch seo a chuir mé ina seasamh mar ghallán cuimhneacháin, beidh sí ina teach Dé, agus tabharfaidh mé duit deachú dá mbronnann tú orm.”


Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,


Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.


Ach, féach, rugadh mac duit. Beidh seisean ina fhear síochána, agus tabharfaidh mé síocháin dó ó na naimhde go léir atá ina thimpeall; mar Solamh (mac na síochána) is ainm dó agus tabharfaidh mé síocháin agus suaimhneas d'Iosrael lena linn.


Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach.


Gach deachú tréada agus tána, gach deichiú ainmhí dá ngabhann faoi bhachall an aoire, bíodh sé naofa don Tiarna.


Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomh agus dúiche Niomrod le treise lainne. Fuasclóidh sé sinn ón Asaír má thagann siad isteach inár dtír, fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.


Thug mé, thug sin, do chlann Léiví mar oidhreacht na deachúna go léir in Iosrael ar son na seirbhíse lena ndéanann siad seirbhís i mBoth na Teagmhála.


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


“Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”


agus lena thaispeáint san am i láthair chomh maith go bhfuil sé fíréanta ann féin agus go bhfíréanaíonn sé gach duine a bhfuil a chreideamh in Íosa aige.


Rí Shailéim agus sagart an Dé is airde ab ea an Meilcizidic seo. Nuair a bhí Abrahám ag filleadh abhaile ó ár na ríthe bhuail Meilcizidic leis agus thug sé a bheannacht dó


Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ardsagart go deo.


Tógfaidh sé deachú de bhur ngrán agus de bhur bhfíonghoirt agus tabharfaidh sé í dá mhaoir agus dá oifigigh.


Tógfaidh sé deachú de bhur gcaoirigh agus beidh sibhse in bhur ndaoir aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí