Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Deotranaimí 1:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Tá aistear aon lá dhéag ó Horaeb go Cáidéis Bairnéa ar bhealach Shliabh Shaeír.)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Uidhe éanlá déag ó Horeb a slighe shléibhe Seir go Cádes‐barnea.

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 1:2
15 Tagairtí Cros  

Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,


Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.


Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.


Más céadtorthaí a bhíonn á n‑ofráil agat mar abhlann don Tiarna, ofráil, mar abhlann ó do chéadtorthaí, grán nua meilte ó dhiasa úra, agus é tíortha ag an tine.


agus chuaigh isteach i mBoth na Teagmhála le Maois. Amach leo araon ansin chun an pobal a bheannú agus d'fhoilsigh glóir an Tiarna don phobal ar fad.


Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.


Sin é mar a rinne bhur n‑aithreacha nuair a sheol mé iad ó Cháidéis Bairnéa d'fhonn an tír a bhrath.


“D'fhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a d'aithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa.


Na hAmóraigh, an mhuintir a chónaíonn sa dúiche shléibhteach sin, amach leo in bhur n‑aghaidh mar shaithe beach, agus chuadar sa tóir oraibh agus phleancadar sibh i Saeír agus ar aghaidh go Hormá.


“Chasamar ansin agus ar aghaidh linn faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf mar a d'ordaigh an Tiarna dom.


Agus tabhair an t‑ordú seo don phobal: Tá sibh ar tí gabháil trí chríocha bhur mbráithre gaoil, clann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír. Tá eagla orthu romhaibh, ach bígí aireach.


“Ghabhamar thar ár mbráithre gaoil, clann Éasau, a bhfuil cónaí orthu i Saeír, feadh bhealach an Arabá agus ó Éalat agus Eizion Geibir. Ansin chasamar agus ar aghaidh linn i dtreo fhásach Mhóáb.


Agus nuair ab áil leis an Tiarna go bhfágfadh sibh Cáidéis Bairnéa, á rá: ‘Suas libh agus gabhaigí seilbh ar an tír a thug mé daoibh,’ ansin rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia; níor chreid sibh ann ná níor éist sibh lena ghlór.


Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: “Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí