Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 3:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Oír an ní theagmhas do mhacaibh na ndaoine teagmhaidh do na hainmhighthibh; aoinní amháin theagmhas dóibh: óir mar théid cuid aca déag, is marsin éagas an chuid oile; fós, is áonanál amháin atá aca; marsin nach bhfuil uáisle ag an nduine thar a nainmhidhe: óir is díomhaóineas iad ré chéile.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 3:19
18 Tagairtí Cros  

Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.


Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.


Tuamaí is dídean dóibh go brách, a n‑árais chónaithe ó ghlúin go chéile cé go mbíodh a n‑ainm in airde sa tír.


Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.


rachaidh sé i bhfochair a shinsear nach bhfeicfidh an solas go brách.


Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.


Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.


Chonaic mé gur tairbhí an eagna ná an amaidí faoi mar is tairbhí an solas ná an dorchadas.


Arsa mise liom féin mar sin: “Más í cinniúint an daoi mo chinniúntse freisin, cad chuige go mbeinnse chomh heagnaí sin ar fad? Cén tairbhe dom é?” Agus is é a dúirt mé: “Baois is ea é seo chomh maith.


Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin.


Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.


Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.


má fhaigheann na daoine seo bás de bhás coiteann, nó más í cinniúint gach duine a bhuaileann iad, ansin níor sheol an Tiarna mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí