Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 2:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Dá thairbhe sin uile, ba ghráin liom an saol seo mar chuir an saothrú uile a dhéantar faoi luí na gréine déistean orm; óir níl sa mhéid sin go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 ¶ Fós, dfúathaigh mé muile shaothar noch fuáir mé faói an ngréin: do bhrígh go bhfúigfinn é ag an té do thiucfagh am dhiáigh.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 2:18
19 Tagairtí Cros  

Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.


Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála


Ní thig leis síorbheatha a cheannach le súil nach bhfeice sé an uaigh.


agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá.


Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine?


D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.


Ar an ábhar sin tháinig racht éadóchais orm faoin saothrú go léir a bhí déanta agam abhus faoi luí na gréine.


Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?


Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?


Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu.


Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.


Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine.


Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’


De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t‑ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí