Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 10:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Tá olc áirithe ann a chonaic mé abhus faoi luí na greine - botún is ea é a bhfuil an rialtóir ciontach leis:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Atá olc do chonnairc mé faói an ngréin, amhuil seachrán thig ó núachtarán:

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 10:5
10 Tagairtí Cros  

Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas, agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.


Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir; nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.


Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.


an t‑amadán ina ardoifigeach agus lucht an tsaibhris sna poist is ísle.


Rud eile dhe, chonaic mé go raibh an éagóir in áit na córa agus an t‑aincheart in áit an chirt abhus faoi luí na gréine.


Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.


Agus chonaic mé an bhaois eile seo abhus faoi luí na greine:


agus an saibhreas sin á chailleadh trí fhiontar míámharach éigin agus gan dada le fáil ag an mac a ghin sé.


Tá olc eile ann a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus luíonn sé go trom ar dhaoine:


I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí