Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Séideann an ghaoth ó dheas agus casann sí ó thuaidh ansin; siúd léi timpeall arís agus arís eile agus leanann sí dá timchuairt gan stad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Théid an ghaóth leath ris an ttáobh ó dheas, agus fillídh sí fa gcuáirt chum an tuáisceirt; iománuighsí timchioll fa gcuáirt do ghnáth, agus iompoighidh an gháoth aris do réir a cúarta.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 1:6
11 Tagairtí Cros  

Tusa a mbíonn d'éadach te le do chneas, Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas,


Tagann an t‑anfa óna áras theas, Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi.


Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa, agus thóg sé mórthonnta na mara.


Chiúnaigh sé an t‑anfa is an doineann; agus chuir tonnta na mara ina dtost.


Ritheann na haibhneacha go léir isteach san fharraige ach ní líontar í choíche; mar sin féin coinníonn na haibhneacha orthu ag déanamh ar a gceann cúrsa go brách.


Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.


Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d'éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile.


“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:


thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.”


Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí