Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 7:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine. Bhí an duibheagán mór dóite aici, agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 ¶ Is marso do thaisbéin an Tighearna DIA dhamhsa: agus, féuch, do ghoir an Tighearna DIA ceannairg le teine, agus do loisg sé an taigean mór, a duáigh súas cuid dí.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 7:4
22 Tagairtí Cros  

Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!


rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.


Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.


Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.


Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna, mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh agus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó.


Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna.


teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil, a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad;


teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá a dhófaidh a páláis;


teilgfidh mé tine síos ar Iúdá agus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.


Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n‑alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom: Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistí i dtosach an athfháis - ba é an t‑athfhás é a eascraíonn nuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige.


Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa mar chéir os comhair na tine nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.


Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.


Tháinig lasair anuas ón Tiarna agus loisc sé an dá chead caoga fear ag ofráil na túise.


Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.


Deir sé i dtaobh na n‑aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.”


Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí