Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 4:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Marsin do sheachránadar a dó nó a trí do chaithreachaibh go háonchathruigh dól uisge; acht níor sásadh íad: gidheadh níor fhilleabhair chugamsa, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 4:8
16 Tagairtí Cros  

Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”


Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;


Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.


Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.


Cheap mise: ‘Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.’ Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo.


A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.


Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte, agus beidh an Asaír ina rí orthu de bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.


Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh; agus ar a shon sin agus uile níl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.


D'fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile, agus arán in easnamh in bhur mbailte; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile. Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil fágfaidh mise ag an gclaíomh é.


Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”


Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí