Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 4:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael, agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort, cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ar a nadhbharsin is marso do dhéana mé riot, a Israel: agus do bhrígh go ndéana mé so riot, ullmhaigh do theagmháil ré do Dhía, a Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 4:12
20 Tagairtí Cros  

Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!


Taispeáin tú féin tarnocht go bhfeice daoine do náire! Tá mé ar son díoltais agus ní chuirfear isteach orm.


mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna, mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh; ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainm agus ciníocha ar crith roimh do theacht.


Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.


“Ní dheachaigh sibh suas sna bearnaí ná níor dhaingnigh sibh muintir Iosrael, ionas go seasfaidís sa chath lá an Tiarna.


D'iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é.


Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.


Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh, caillfidh an tréanfhear a neart, ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.


Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.


An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú.


Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí