Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 2:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 ¶ Marso a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáruighthe Iúdah, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé é; do bhrígh gur dhísbeagadar dligheadh an TIGHEARNA, agus nár choimhéadadar a aitheanta, agus thug a mbréuga orra seachrán do dhéanamh, a ndiaigh ar shiubhluigheadar a naithre:

Féach an chaibidil Cóip




Amos 2:4
53 Tagairtí Cros  

Ach níor choimeád Iúdá freisin aitheanta an Tiarna, a nDia, ach aithris a dhéanamh ar na nósanna ar chuir Iosrael tús leo.


Nuair a d'fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh.


Ná bígí ar aon dul le bhur sinsir, agus bhur ngaolta, nach raibh dílis don Tiarna, Dia a n‑aithreacha, i dtreo go ndearna sé scrios orthu, mar a fheiceann sibh.


Is coiriúil coirpeach a pheacaíomar i d'aghaidh, gan na haitheanta, na dlíthe ná na gnásanna a leag tú ar do shearbhónta Maois a chomhlíonadh.


Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).


Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.”


An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”


Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n‑aithreacha mé - an Tiarna a labhraíonn - agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n‑adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.


Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n‑aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa.


Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”


Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.


Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.


Beidh náire ar na daoine críonna, beidh mearbhail orthu agus díomá. Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna! Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht?


ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n‑aithreacha dóibh.


De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;


Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.


de bhrí gur dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha, nár shiúil siad de réir mo reachtanna, agus gur thruailligh siad mo shabóidí, óir luigh a gcroí lena n‑íola.


“Dúirt mé lena gclann san fhásach: Ná siúlaigí de réir reachtanna bhur n‑aithreacha, ná comhlíonaigí a ndeasghnátha, ná truailligí sibh féin lena n‑íola.


de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n‑aithreacha.


Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna?


[Dhathaigh] a fáithe na coireanna seo le brat aoil, lena bhfíseanna baotha agus a dtairngreachtaí bréige, ag rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna Dia’; nuair nár labhair an Tiarna ar chor ar bith.


Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.


Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe, agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir. Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois: déantar conradh leis an Asaír, agus beirtear cáin ola don Éigipt.


Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael. Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób, agus agróidh sé air a ainghníomhartha.


(Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá, nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.)


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Damaisce, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,


Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.


a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).


Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?


Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen.


Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.


Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n‑iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n‑aithreacha,


Rinne pobal Iosrael an t‑olc arís i bhfianaise an Tiarna. D'fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí