Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 2:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Fear an bhogha ní sheasfaidh sé an fód, ní éalóidh an luathchosach, ní thiocfaidh an marcach as,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Ní mó sheasfas an té ghlacus an bogha; agus an té bhíos lúath a ccoisigheachd ní tháirtheochuidh é féin: ní mó sháorfas an té do ní an teach do mharcuigheachd é féin.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 2:15
8 Tagairtí Cros  

Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.


Daoine is ea na hÉigiptigh agus ní déithe; is feoil a gcuid each agus ní spiorad; agus nuair a shínfidh an Tiarna amach a lámh, bainfear tuisle as fear an chuidithe agus titfidh an fear ar cuidíodh leis ina theannta, agus caillfear iad go léir le chéile.


Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.”


Buailfidh mé an bogha as do láimh chlé agus tabharfaidh mé ar na saigheada titim ó do láimh dheis.


Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán.


Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.


I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí