Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 2:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Féach, brúfaidh mise síos sibh, mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Féuchuidh, atáimse ar mo bhrúghadh fúibh, amhuil brúightear cairt bhíos lán do phunnánuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 2:13
10 Tagairtí Cros  

Sea, bhíomar ag ceangal punann sa ghort. Agus an phunann seo agamsa, d'éirigh sí ina seasamh díreach; agus na punanna seo agaibhse, chruinníodar timpeall agus shléachtadar do mo phunannsa.”


An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé, Agus do ghrán a thabhairt chun d'urlár buailte?


Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach, go ndearna siad a chrá san uaigneas.


Bhur réanna nua agus bhur n‑oilithreachtaí, is gráin liom iad i m'anam istigh. Is ualach orm iad agus tá mé tuirseach á n‑iompar.


Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid, níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí. Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm, thuirsigh tú mé le do choireanna.


Ansin dúirt sé: “Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?


De bhrí nár chuimhin leat laethanta d'óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d'imeachtaí gránna eile?


Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.


Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”


Thugadar a n‑ofrálacha i láthair an Tiarna, sé charbad iata agus dhá dhamh déag - carbad do gach dhá cheannaire agus damh an duine. D'ofráladar iad os comhair an taibearnacail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí