Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 8:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do bhuáil sé Móab, agus do thomhuis íad lé córda, dha tteilgion síos go talamh; eadhon lé dhá chórda do thomhuís sé do thabhairt báis, agus le héanchórda iomlán do chongmháil béo. Agus do bhádar na Móabitigh ná searbhfhoghantuigh ag Dáibhi, agus tugadar tiodhlaicthe léo.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 8:2
22 Tagairtí Cros  

Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piocóidí agus tuanna iarainn, agus bhain sé feidhm astu ag déanamh brící. Thug sé an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d'fhill Dáiví agus an t‑arm ar fad go Iarúsailéim.


Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.


Tar éis bháis do Acháb, rinne Móáb ceannairc in aghaidh Iosrael.


Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó.


Bhris sé freisin ar Mhóáb, agus thug Móáb géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.


Thug na hAmónaigh cáin d'Uiziá agus leath a cháil go teorainneacha na hÉigipte féin mar gur mhéadaigh go mór ar a neart.


Is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg; agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”


an túisce ba chlos dóibh ghéill siad. Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom,


is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg, agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”


Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé: “Roinnfidh mé Seicim go ríméadach agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.


Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn; déanann siad cor agus conradh i do choinne.


Ná héistigí le Hiziciá, óir seo iad focail rí na hAsaíre: Déanaigí síocháin liomsa,


Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.


Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d'fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.


Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].


Chuaigh Dáiví ón áit sin go Mizpeá i Móáb agus dúirt sé le rí Mhóáb: “Lig do m'athair agus do mo mháthair fanacht in éineacht libh nó go mbeidh a fhios agam cad tá i ndán dom ag Dia.”


D'fhág sé ag rí Mhóáb iad agus d'fhanadar aige i rith an ama a bhí Dáiví sa daingean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí