2 Samúéil 24:24 - An Bíobla Naofa 198124 Ach dúirt an rí le hArauná: “Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, ach díolfaidh mé as le hairgead. Ní dhéanfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm a ofráil don Tiarna mo Dhia.” Thug Dáiví dá bhrí sin caoga seicil airgid ar an urlár buailte agus ar na daimh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)24 Agus a dubhairt an rígh ré Haraunah, Ní hamhluidh bhías; acht ceainneochuidh mé uait é ar a lúach: agus ní ofrála mé ofráil loisge dom THIGHEARNA Día do ní nach ccoisteonuigh éainní dhamh. Mar sin do cheannuigh Dáibhi an turlár buáilte agus na daimh ar chaogad secel airgid. Féach an chaibidil |