Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 24:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n‑aghaidh. “Téigh,” ar sé, “agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a rís do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Israel, agus do chorruidh sé Dáibhi na naghaidh, dha rádh, Imthigh, agus comháir Israel agus Iúdah.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 24:1
23 Tagairtí Cros  

Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo.


Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m'aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois.


“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d'aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo.


Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’


Ghluais Iahórám gan mhoill ón tSamáir amach agus thionóil sé Iosrael go léir.


D'éirigh Sátan ina sheasamh in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví le daonáireamh a dhéanamh ar Iosrael.


Clann mhac Thólá: Uizí, Rafáiá, Íríéil, Iachmai, Íobsám, Samúéil, cinn finí Thólá. Le linn Dháiví ba é a líon fiche dó míle sé chéad gaiscíoch groí, de réir a gcraobh ghinealaigh.


Ba de chlann Áiséar iad sin go léir, cinn finí laochra tofa tréana, ceannairí ar fhlatha. Áiríodh ar an gceap craoibhe seo fiche sé míle fear réidh chun cogaidh.


Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d'at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim.


Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte.


Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.


Uime sin, thug mé reachtanna gan tairbhe dóibh agus deasghnátha nach dtabharfadh beatha dóibh.


Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: “Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.


Rinne Maois daonáireamh orthu i bhfásach Shíonái mar a d'ordaigh an Tiarna dó.


agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agatsa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin.


Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t‑éitheach.


bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.


Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: “Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór,


Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí