Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 23:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Agus dúirt Dáiví le tnúth: “Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do ghabh fonn Dáibhi, agus a dubhairt, Oh nach ttugann duine éigin deoch dhamh duisge thobair Bhet‐lehem, noch atá láimh ris an ngeata!

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 23:15
12 Tagairtí Cros  

Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.


Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.


Dúirt Dáiví le tnúth: “Uch nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile; tá sé le taobh an gheata.”


Bíonn m'anam ag tnúth le do shlánú; cuirim mo dhóchas i do bhriathar.


Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.


Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.


Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.


D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”


Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”


Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugamsa agus óladh sé!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí