Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 22:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste, ach ba é an Tiarna mo thaca;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Thangadar orum go hobann a ló mo anacra: achd do be an TIGHEARNA mo chothughadh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 22:19
12 Tagairtí Cros  

D'fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan, uathu siúd a thug fuath dom, mar go raibh siad róláidir dom.


Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.


Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.


Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.


Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí