Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 21:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d'áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: “Ná téigh chun catha riamh arís linn,” ar siad, “d'fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Acht do thárthuigh Abisai mhac Seruiah é, agus do bhuáil sé an Philistineach, agus do mharbh é. Ann sin thugadar muinntir Dháibhi mionna dhó, dha rádh, Ní racha tusa níos mó linn amach chum catha, chor nach múchfa tú solus Israel.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 21:17
14 Tagairtí Cros  

Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne d'ionailte: ‘Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,’ a deir siad; ‘beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t‑oidhre chomh maith.’ Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag m'fhear céile ar chlár na cruinne.”


Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”


Ach d'fhreagair na fir: “Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.”


Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste, ach ba é an Tiarna mo thaca;


Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann, agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas.


Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.


Dá ainneoin sin, ar son Dháiví, a athair, thug an Tiarna a Dhia lóchrann dó in Iarúsailéim, chinntigh mac ina dhiaidh agus dhaingnigh Iarúsailéim.


Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví; réiteoidh mé lóchrann do m'ungthach.


Óir is tú a thugann an bua do ríthe; agus a thug tarrtháil ar Dháiví, do ghiolla.


Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.


Labhair Ióchánán mac Cháiréach fiú le Gadailiá i Miozpá os íseal, á rá: “Lig domsa imeacht, agus maróidh mé Ísmeáéil mac Natainiá, agus ní bheidh a fhios ag aon duine. Cad chuige a maróidh sé thusa? Agus go scaipfí chun fáin arís na Giúdaigh uile a chruinnigh chugat. Cad chuige a mbasófaí fuíoll Iúdá?”


Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí