Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 20:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Acht ní thug Amasa aire don chloidheamh do bhí a láimh Ióab: mar sin do bhuáil sé é don chloidheamh an sa ccuigeádh ásna, agus do leíg sé a innighe amach fán ttalamh, agus níor bhuail sé a rís é; agus fúair sé bás. Marsin do lean Ioab agus Abisai a dhearbhrathair a a ndiáigh Shéba mhic Bichri.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 20:10
13 Tagairtí Cros  

“Téanam amach,” arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d'iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.


Ach níorbh áil leis casadh i leataobh agus bhuail Aibnéar sa bholg é le sáfach a shleá i dtreo gur tháinig an tsleá amach trína dhroim thiar. Thit sé ansiúd agus fuair bás ar an bhfód sin. Gach aon duine a tháinig mar ar thit Aibnéar, agus mar a bhfuair sé bás, stadadar.


Dúirt Ióáb le hAmásá: “An bhfuil tú ar fónamh, a bhráthair?” Agus rug Ióáb ar fhéasóg ar Amásá lena dheasóg lena phógadh.


Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.


Saigheadóirí iad ar chomhdheas dóibh deas agus clé leis an mbogha, agus le clocha nó saigheada. De ghaolta Shóil an Bhiniáimineach:


d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.


Má thug an marfóir drochíde le barr fuatha ar an duine, nó má chaith sé urchar marfach gan choinne leis chun é a leagan ar lár,


Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.


Ansin shín Éahúd a chiotóg agus tharraing a chlaíomh óna shliasaid dheas agus rop sé ina bholg siúd é.


Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí