Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 19:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 D'éirigh an rí ansin, agus chuaigh agus shuigh ina chathaoir ag an ngeata. Chuala na saighdiúirí go léir an scéala gan mhoill. “Tá an rí,” ar siad, “ina chathaoir ag na ngeata.” Agus chruinnigh an pobal go léir i láthair an rí. Theith Iosrael go léir, gach fear chun a bhaile féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Agus do bhí an pobal uile a nimreasain ar feadh threabh Israel uile, dhá rádh, Do chumhduigh an rígh sinn ó lámhuibh ar námhad, agus do sháor sinn ó lámhuibh na Bhphilístineach; agus a nois do theith sé as a ttír roimhe Absolon.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 19:9
15 Tagairtí Cros  

Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: “As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.”


Thógadar Aibseálóm leo agus chaitheadar síos isteach i bpoll mór san fhoraois é agus thógadar carn mór os a leacht. Agus theith Iosrael go léir, gach duine chun a bhaile féin.


Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: “D'fhuascail an rí sinn,” a deiridís, “ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm.


Ghabh an pobal go léir thar Iordáin ansin, agus ghabh an rí chomh maith; thug an rí póg do Bhairzilí agus chuir a bheannacht air, agus d'fhill seisean ar a bhaile féin.


Déanann tú mé a fhuascailt ó chine na ceannairce agus mé a chur ar cheann na náisiún. Pobal nárbh eol dom, tá siad anois ag seirbhís dom.


Chuaigh Dáiví go Bál Parázaím agus bhuaigh sé ansiúd orthu. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Uime sin a tugadh Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin.


Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad, á gcosaráil amhail salachar na sráide.


Dúirt mé leo dá bhrí sin: ‘An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,’ agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.”


Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví.


D'fhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.


Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d'Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí